Home Random Page


CATEGORIES:

BiologyChemistryConstructionCultureEcologyEconomyElectronicsFinanceGeographyHistoryInformaticsLawMathematicsMechanicsMedicineOtherPedagogyPhilosophyPhysicsPolicyPsychologySociologySportTourism






Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.

Foras Feasa ar Éirinn

An ceud leabhar

An ceud alt

Geoffrey Keating

 

Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.

 

An ceud ainm tugadh ar Éirinn, Inis na bh-Fiodhbhadh, eadhon, oiléan na gcoillteadh; agus is é duine do ghair an t-ainm sin di, óglaoch do mhuinntir Nín mic Béil, táinig uaidh do bhraith na h-Éireann, agus iar dteacht innte dhó, fuair 'na haon doire coille í, acht Magh n-Ealta amháin. Trí huaire, iomorro, do bhí Éire 'na haon-choill, do réir an tsean-fhocail seo atá 'san seanchus: ‘Trí huaire do chuir Éire trí monga agus trí maola dhi.’

 

 

An dara hainm, Críoch na bhfuineadhach, ó bheith i bhfuineadh, nó i gcrích na dtrí rann do'n domhan do bhí ar faghbháil an tan soin; ionann, iomorro, ‘fuin’ agus críoch, ó'n bhfocal so Laidne ‘finis.’

 

An treas ainm, Inis Ealga, eadhon, oiléan uasal; óir is ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal: agus is re linn Fear m-Bolg fá gnáth an t-ainm sin uirre.

 

An ceathramhadh hainm, Éire, agus adeirthear gurab uime gairthear sin di, do réir úghdair d' áirithe, ó'n bhfocal so Aeria, fá sean-ainm do'n oiléan d'á ngairthear Crétanó Candia anois; agus is uime mheasas an t-úghdar soin sin, do bhrígh gur áitigheadar sliocht Ghaedhil ghlais i san oiléan sin seal aimsire i ndiaidh Shrú mic Easrú micmic Ghaedhil d'ionnarbadh as an Éigipt; agus do-bheirthear fós Aere d'ainm ar an Éigipt ó'r ghluaiseadar Gaedhil. Gidheadh, is í céadfaidh choitcheann na seanchadh gurab uime gairthear Éire dhi, ó ainm na bainríoghna do Thuathaibh Dé Danann, do bhí 'san gcrích re linn clainne Mhíleadh do theacht innte: Éire, inghean Dealbhaoith fá hainm di, agus is í fá bean do Mhac Gréine d'á ngairthí Ceathúr, fá rí Éireann an tan tángadar mic Mhíleadh innte.

 

An cúigeadh hainm, Fódhla, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann, d'á ngairthí Fódhla: is í fá bean do Mhac Cécht d'ár bh'ainm díleas Teathúr.

 

An seiseadh hainm, Banbha, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann, do bhí 'san gcrích, d'á ngairthí Banbha: is í fá bean do Mhac Cuill d'ár bh'ainm díleas Eathúr. Na trí ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach ré mbliadhain; agus is é ainm mná gach fír díobh do bhíodh ar an oiléan an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh. Is uime gairthear Éire do'n oiléan nídh-sa-mhionca ioná Fódhla nóBanbha, do bhrígh gurab é fear na mná d'ár bh'ainm Éire, fá rí an bhliadhain tángadar mic Mhíleadh innte.



 

An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus ‘Saxum fatale’, eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na h-Alban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fá an neach d'ár chóra flaitheasÉireann d' fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i d-Teamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an domhain an tan rugadh Críost;. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn [amhail adubhairt Cionaoth file]:—

An chloch atá fóm' dhá sháil,
uaithe ráidhtear Inis Fáil;
Idir dhá thráigh thuile theinn,
Magh Fáil uile for Éirinn.

 

An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe, d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid draoidheacht orra, ionnus ná'r léir dhóibh an t-oiléan acht ar chosmhaileas muice, gonadh uime sin tugadar Muicinis for Éirinn.

 

An naomhadh hainm, Scotia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máthair, d'ár bh'ainm Scota, inghean Pharao Nectonibus; nó is uime tugadarScotia uirre, do bhrígh gurab iad féin Cineadh Scuit ó'n Scitia.

 

An deachmhadh hainm, Hibernia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre. Gidheadh, adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear Hiberus tugtharHibernia uirre. Adeirthear fós gurab ó Éibhear mac Míleadh gairthear Hibernia dhi; acht cheana, adeir Cormac naomhtha mac Chuileannáin gurab uime adeirthearHibernia ria, ó'n gcomhfhocal Greugach so ‘hiberoc’, .i. ‘occasus’ i Laidin, agus ‘nyaon’, .i. ‘insula’; ionann sin re a rádh agus ‘insula occidentalis’, eadhon, oiléan iartharach.

 

An t-aonmhadh hainm deug, Iernia do réir Ptolomeus, nó Iuerna do réir Solínus, nó Ierna do réir Claudianus, nó Uernia, do réir Eustatius. Measaim nach fuil do chéill 'san deithbhir atá idir na húghdaraibh seo do thaoibh an fhocail seo Hibernia, acht ná'r thuigeadar créad ó dtáinig an focal féin; agus, d'á réir sin, go dtug gach aon fa leith dhíobh, amus uaidh féin air, ionnus gurab de sin táinig an mhalairt seo ar an bhfocal.

 

An dara hainm deug Irin, do réir Diodorus Siculus.

 

An treas ainm deug Irlanda; agus measaim gurab é fáth fa dtugadh an t-ainm sin uirre, do bhrígh gurab é Ir mac Míleadh ceud duine do hadhnaiceadh fa úir Éireann do chlannaibh Míleadh, agus d'á réir sin do hainmnigheadh an t-oiléan uaidh: ionann, iomorro, Irlandaagus fearann Ir, óir is ionann ‘land’ i m-Beurla, agus fonn nó fearann i n-Gaedheilg. Is móide is measta fírinne an neith seo, mar adeir Leabhar Árda Mácha gurab ainm do'n oiléan so, Ireo, eadhon, uaigh Ir, do bhrígh gurab ann atá feart nó uaigh Ir.

 

An ceathramhadh hainm deug Ogigia do réir Plutarcus: ionann, trá, Ogigia i n-Gréigis agus ‘Insula perantiqua’, eadhon, oiléan ró-ársaidh; agus is cneasta an t-ainm d'Éirinn sin, do bhrígh gurab cian ó do háitigheadh ar dtús í, agus gurab foirbhthe an fír-eolas atá ag a seanchadhaibh ar dhálaibh a sean ó thús na n-aimsear, diaidh i ndiaidh.

 


Date: 2016-03-03; view: 991


<== previous page | next page ==>
Front Panel Lights and Switches | Characteristics of the Word as the Basic Unit of Language.
doclecture.net - lectures - 2014-2024 year. Copyright infringement or personal data (0.009 sec.)